Suíomh

Tá Anaclann Éanlaithe Fiáine na hInse suite 12Km ó Dhoire agus 25Km ó Leitir Ceanainn, Co. Dhún na nGall.

Léarscáil

Páirceáil do charranna

Tá 3 charrchlós ann do chuairteoirí ag Anaclann Éanlaithe Fiáine na hInse

Farland

Ó Leitir Ceanainn tóg an N13 le comhartha do Dhoire agus Bun Cranncha. Tiomáin thart ar 20km go dtiocfaidh tú go sráidbhaile na Birte. Tar éis dul thar Stáisiún Breosla Callaghan (Topaz) tóg an chéad chasadh eile ar chlé (le comhartha d’Anaclann Éanlaithe Fiáine na hInse). Tá carrchlós Farland suite 2km síos an bóthar seo agus spás oiriúnach ar fáil le haghaidh páirceála cóistí.

An Teach Caidéil

Ag tiomáint ó Cheann an Droichid i dtreo Leitir Ceanainn, tóg an chéad bhealach amach ag timpeallán beag Shrath an Urláir agus Leitir Ceanainn. Tar éis 1.5km eile a thiomáint i dtreo na Birte, tóg an casadh ar dheis ar ‘Bhóthar an Slaba’ (le comhartha d’Anaclann Éanlaithe Fiáine na hInse). Tiomáin ar feadh 100m chomh fada le casadh géar ar dheis sa bhóthar agus tóg an casadh ar chlé (le comhartha d’Anaclann Éanlaithe Fiáine na hInse).

McGrath’s (Inis)

Tá carrchlós McGrath’s suite ar Inis. Ó Bhun Cranncha tóg an R238 ag tiomáint ó dheas trí shráidbhaile Fhathna. Ag Taobh Bán tóg an casadh ar dheis a bhfuil comhartha ann d’Inis. Tar éis dul trasna chlaífort na hInse tóg an casadh láithreach ar chlé. Tá carrchlós Farland suite 1km síos an bóthar seo.