Stair

1859 – 1950

Is murlach goirt é Loch na hInse atá gearrtha amach ó Loch Súilí ag claífoirt, agus atá sáinnithe ag tríú claífort fada idir Oileán na hInse agus cladaigh saothraithe (slabaí) talmhaíochta atá fairsing agus cothrom ar mhórthír Chontae Dhún na nGall.

Go stairiúil, bhí stráice mór de Loch Súilí idir Oileán na hInse agus an Bheart, atá suite ag bun Chnoc an Ghrianáin (suíomh an dúin chnoic cháiliúil ón Iarannaois, Grianán an Ailigh). In 1836, beartaíodh an fhairsinge thanaí seo de láib inbhir thaoide a thógáil ar ais ón loch. Thosaigh an obair thart ar 1840 agus bhí sí críochnaithe faoi 1859.

Ba é an chéad chéim ná tógáil Chlaífoirt Tready trasna lár an cheantair, ó Acomhal Thaobh Bán in aice le Bun na hAbhann san oirthear, go Ceann Farland san iarthar. Chomh maith leis sin, bheadh sé mar bhealach d’Iarnród Dhoire agus Loch Súilí – líne chaol ag ceangal Carn Domhnach agus Doire san oirthuaisceart, le Leitir Ceanainn agus Ailt an Chorráin i bhfad siar san iarthar. Bhí an líne i bhfeidhm idir 1863 agus 1953.

Ó thuaidh de Thaobh Bán, bhí pointe ag a raibh an mhórthír gar d’Inis, agus áit ar tógadh cabhsa, Claífort na hInse, chun an t-oileán a cheangal leis an mórthír.

Ba é an tríú céim ná claífort comhthreomhar a thógáil san iarthar, idir Ceann Farland agus an t-oileán, Claífort Farland, nó mar a thugtar air anois, Bruach Farland.

Mar sin, idir na trí chlaífort seo agus Inis bhí cuid den uisce gearrtha ó Loch Súilí, agus fosta ó réileáin láibe a bhí le draenáil. Choinneofaí an limistéar seo mar thaiscumar, chun na huiscí a draenáladh ón deisceart a ghlacadh agus chun na taoidí ba mheasa i Loch Súilí a choinneáil amach. Mar sin, cruthaíodh Loch na hInse, agus tá laghdú de réir a chéile le himeacht na mblianta ag teacht ar chomh goirt is atá sé.

Ó dheas de Chlaífort Tready, idir é agus Cnoc an Ghrianáin, d’fhéadfaí an limistéar sin ar fad de Loch Súilí atá scoite amach anois ó na huiscí taoide a dhraenáil trí chóras casta de dhraenacha móra agus beaga, chun talamh talmhaíochta a chruthú. Tugtar Na Slabaí go háitiúil ar an fhairsinge ollmhór seo de thalamh cothrom an chladaigh saothraithe. Is é Leibhéal na hInse an t-ainm foirmiúil air. Níor éirigh go rómhaith leis an draenáil i dtosach. Go dtí deireadh na 1950idí, bhí an bhreacachan de pháirceanna beaga an-riascach, agus bhí ceantair de thalamh riascach follasach ann.

1950 – 2000

Ag an am sin, thosaigh an tionsclaí, Daniel McDonald, ag ceannach na réadmhaoine beaga agus faoi 1961 bhí siad ar fad cónasctha le hEastát an Ghrianáin, an fheirm arúil ba mhó in Éirinn ag thart ar 1200ha. D’fhéadfaí na páirceanna a mhéadú ansin agus an córas draenála a athbheochan.

Bhí roinnt úinéirí difriúla ar an fheirm ó shin. Go háirithe, cheannaigh cuibhreannas d’fhir ghnó an t-eastát i 1980 agus d’fhógair siad pleananna chun an leath thuaidh den loch a dhraenáil. Seoladh feachtas áitiúil láithreach chun cur in aghaidh an chinnidh seo – ag cosaint stádas na hInse mar oileán go príomha, ach imní orthu fosta faoin bhaol don fhiadhúlra ó chailliúint leath an locha. D’éiligh an cuibhreannas nach raibh an scéim inmharthana go teicniúil, agus cibé acu arbh é sin an chúis i ndáiríre nó nárbh ea, nó go raibh siad faoi léigear ag neart an chuir i gcoinne, thréig siad an scéim agus díoladh í i 1989.

2000 – 2017

Tá Feirm an Ghrianáin faoi chúram Donegal Creameries plc. anois agus tá sí á bainistiú mar fheirm orgánach déiríochta. Tá codanna de ar léas ag feirmeoirí áitiúla. In 2002, thóg an tSeirbhís Páirceanna Náisiúnta agus Fiadhúlra léas tríocha bliain ar Loch na hInse agus ar na tailte féaraigh fliucha máguaird. Ó shin i leith, tá an suíomh forbartha ag an SPNF agus páirtithe leasmhara éagsúla, le hobair leanúnach i mbainistiú caomhantais, rannpháirtíocht an phobail, agus forbairt infreastruchtúir do chuairteoirí. Is í an aidhm anois Anaclann Éanlaithe Fiáine na hInse a fhorbairt go hinbhuanaithe don todhchaí, ag comhtháthú caomhantas le pobal agus feirmeoireacht, agus ag an am céanna ag tabhairt rochtain theoranta don phobal.