Fowler’s

Loch agus Bóthar

Tháinig muintir Fowler chun cónaithe anseo thart ar an am ar tógadh na claífoirt i lár na mblianta 1800. Ba leo an talamh feirme in aice láimhe agus caitheadh leo mar chuid den phobal áitiúil. Chuir siad cuid dá n-eastáit ar fáil fiú chun halla an pharóiste áitiúil a thógáil agus tugtar “Halla Fowler” air anois. Níl fágtha anois ach cuid de na ballaí atá i bhfolach i measc na gcrann. Fuair Ms Fowler bás timpeall 1940.

Tá an cúinne seo den suíomh anois faoi bhrat scrobarnaigh coille fliche, le cladach saibhir a bhfuil tóir ag lachain srúmála éagsúla air. Díreach ar chúl na coille ar an seanlíne iarnróid, tá gorán mór corr réisc. Ag deireadh an earraigh bhodhródh an gleo thú.