Folachán Tready

Folachán Tready

Anseo cífidh tú Folachán Éanbhreathnóireachta Tready as a bhfaighidh tú radhairc ar dóigh ar an loch ag amharc ó thuaidh agus siar.

Is fara sábháilte d’éin fhiáine gheimhridh an talamh féaraigh fliuch os comhair an fholacháin. Téann na mílte ealaí glóracha agus géanna glasa ar fara anseo gach oíche tríd an gheimhreadh agus cuireann siad taispeántas fiadhúlra den scoth ar fáil. Is iontach go deo an rud é na héin a fheiceáil agus a chluinstin ag teacht isteach chun dul ar fara sa tráthnóna.

Is áit ar dóigh í fosta chun éagsúlacht éan a fheiceáil ag baint úsáide as imeall an locha agus an t-uisce níos doimhne. Feictear lachain agus éin thumthacha go héasca amuigh ar an loch, agus bíonn lapairí coitianta agus neamhchoitianta, mar shampla an gharbhóg ag baint úsáide as an uisce tanaí chun bia a aimsiú dóibh féin. Coinnigh súil amach do chreachadóir ag dul thar bráid, amhail an fabhcún gorm san aer nó an madra uisce críonna san uisce.

Is seanfholacháin éan fiáin iad na struchtúir chloiche is féidir leat a fheiceáil nuair a bhíonn an t-uisce íseal. D’úsáidtí iad chun fiaigh, nuair a bhí fiach éin fhiáine ina shlí ioncaim do mhuintir na háite.