Folachán Chlaífort Farland

Folachán Chlaífort Farland

Anois ag taobh an Oileáin de Chlaífort Farland, tá radhairc gan sárú agat amach ar an Anaclann agus níos faide anonn. Beidh tú in ann Grianán Ailigh a fheiceáil soir ó dheas, Caisleán na Birte siar ó dheas, caisleán na hInse siar uait agus an Scailp soir ó thuaidh.

In aice leis an chlaífort ar thaobh an locha is féidir leat oileáinín beag a fheiceáil. Is anseo is dlúithe atá éin san Anaclann le linn an tséasúir phórúcháin. Tá na céadta geabhróg scothdhubh agus sléibhíní ann, chomh maith le coilíneacht neamhghnách phórúcháin d’ealaí balbha, gan trácht ar lachain bhadánacha, mallaird, agus geabhróga.

Is speiceas atá faoi bhagairt domhanda iad geabhróga scothdhubh, a éilíonn iarracht bhreise ina gcaomhnú. Tugann siad aghaidh gach bliain ar aimsir theo iarthar na hAfraice chun an geimhreadh a chaitheamh ann. Bhí siad ag streachailt leis an samhradh anseo, atá ag éirí níos fliche gach bliain agus le leibhéil arda an uisce ar bagairt leanúnach iad do na sicíní óga. Mar sin, chun an bhagairt ó thuilte a laghdú thosaigh muid ar ardán saorga a chruthú ar an oileáinín le carraigeacha agus gaineamh. Ar an dea-uair, bhí na geabhróga sásta lena mbaile nua.