Feirm an Ghrianáin

Tarracóir agus Comhbhuainteoir

Cruthaíodh Feirm an Ghrianáin as láib agus riasc goirt Loch Súilí os cionn 160 bliain ó shin. Tá os cionn 2000 acra de thalamh míntírithe san fheirm seo, atá ar chuid den talamh is táirgiúla ar oileán na hÉireann sa lá atá inniu ann.

Is í an diantalmhaíocht seo agus na páirceanna móra a fhágann go bhfuil sé chomh tarraingteach d’éanlaith fhiáin ar cuairt. Déantar an fheirm a bhainistiú i gcóras cineál curaíochta le meascán d’ainmhithe féaraigh, barra arbhair agus prátaí á bhfás ar an talamh. Déantar bainistiú ar fhormhór na feirme anois mar fheirm orgánach. Ciallaíonn sé sin gur dúshlán níos mó fós é cothromaíocht a bhaint amach maidir leis an idirghníomhú idir fiadhúlra agus táirgeadh bia. Tá baint ag na feirmeoirí le comhaontú bainistíochta, rud a chiallaíonn go nglactar leis na héin agus nach gcuirtear isteach orthu le linn an gheimhridh.

Tugann an fheirm, lena fálta sceach agus a paistí fliucha sa pháirc deis chun speicis eile a fheiceáil, mar shampla cuid de na héin is mó atá faoi bhagairt ar thalamh feirme cosúil leis an ghealbhan crainn agus ealtaí móra glasán sa gheimhreadh. Chomh maith leis sin, bíonn cuid de na lapairí, mar shampla an pilibín, ag pórú sna páirceanna móra i rith an tsamhraidh.