Ceann an Chlaífoirt

Clárchosán

Agus tú ag dul isteach ar chlárchosán na coille fliche, tá tú tumtha i ngnáthóg nua. Cuir cluas ort féin agus cluinfidh tú éin ag canadh sna crainn agus ón chíbleach ar imeall an locha. Sa samhradh, cuirfidh giolcadh an cheolaire sailí, an cheolaire cíbe agus éin choitianta eile na coille, fáilte romhat. Sa gheimhreadh, bí ag éisteacht amach don spideog, don dreoilín agus don lon dubh a bheidh ag fógairt go bhfuil tú ag teacht.

Nuair a thagann tú den chlárchosán tá tú i do sheasamh ar imeall an phríomhbhóthair isteach go hOileán na hInse, coinnigh ort ag dul ar dheis. Agus tú ag siúl leat ar chlaífort na hInse, tiocfaidh tú ar chuid de na héin shóisialta. Tá cleachtadh ag na héin anseo ar dhaoine agus tá siad sásta go dtiocfaidh tú suas gar dóibh chun iad a fheiceáil. Amharc níos faide amach agus cífidh tú éagsúlacht shaibhir de lachain thumthacha, cearca ceannann agus foithigh.