Carrchlós Farland

Carrchlós Farland

Nuair a cuireadh tús le tionscadal an Mhíntírithe thart ar 1850, cruthaíodh trí chlaífort, Claífort Tready, Claífort Farland agus Claífort na hInse. Cruthaíodh claífoirt Farland agus na hInse chun na taoidí a choinneáil siar, agus tógadh Claífort Tready ag roinnt an locha agus na feirme.

Anseo is féidir leat uiscí taoide Loch Súilí a fheiceáil ar thaobh amháin agus uiscí goirt Loch na hInse ar an taobh eile. Scaoiltear an t-uisce ón loch amach i Loch Súilí anseo trí ocht mbualchomhla a osclaíonn ag lag trá, agus ansin luascann na geataí dúnta nuair a thagann an taoide isteach.

Má amharcann tú amach i dtreo an Locha, cífidh tú a bhfuil fágtha de Cheann Farland. Úsáideadh é seo mar ché san am atá caite nuair a tugadh prátaí ar thraein gaile chun iad a luchtú ar longa iad lena gcur thar sáile.

Nuair a bhíonn an láib le feiceáil, is féidir líon mór lapairí a fheiceáil á mbeathú féin – an roilleach, an ghlúineach dhearg, an guilbhneach, an crotach, an chorr réisc agus mórán éan eile.

Is áit ar dóigh í fosta chun féachaint ar éin thumthacha – an tumaire, an foitheach agus an lóma – agus is fiú druidim go ciúin ina dtreo mar gur áit í ina bhfeictear splanc gorm an chruidín go rialta, chomh maith le gliceas ciúin an mhadra uisce.