Anseo cífidh tú Folachán Éanbhreathnóireachta Tready as a bhfaighidh tú radhairc ar dóigh ar an loch ag amharc ó thuaidh agus siar.

Fáilte

Tá Anaclann Éanlaithe Fiáine na hInse suite ar an taobh thoir de Loch Súilí, thart ar 8 km ó dheas de Bhun Cranncha. Tacaíonn sé le héagsúlacht leathan éan uisce geimhridh, go háirithe ealaí agus géanna, chomh maith le geabhróga, faoileáin, lapairí agus lachain.

Cosán Lúbtha Anaclann Éanlaithe Fiáine na hInse

Is féidir le cuairteoirí féachaint ar éin ón chosán lúbtha 8km timpeall an locha nó ó cheann de thrí fholachán éanbhreathnóireachta atá oscailte don phobal. Tá an suíomh ar oscailt 365 lá sa bhliain le go mbainfidh tú taitneamh as agus níl aon táille iontrála i gceist.

Turas Treoraithe

Géanna

Carrchlós an Tí Chaidéil

Dá mbeifeá i do sheasamh anseo 200 bliain ó shin bheifeá sáite sa láib nó faoi uisce Loch Súilí. Tógadh an talamh feirme taobh thiar díot ar ais ón fharraige os cionn 160 bliain ó shin agus rinneadh cuid de na tailte feirme is saibhre sa tír as. tuilleadh…

Folachán Tready

Folachán Tready

Anseo cífidh tú Folachán Éanbhreathnóireachta Tready as a bhfaighidh tú radhairc ar dóigh ar an loch ag amharc ó thuaidh agus siar. tuilleadh…

Carrchlós Farland

Carrchlós Farland

Nuair a cuireadh tús le tionscadal an Mhíntírithe thart ar 1850, cruthaíodh trí chlaífort, Claífort Tready, Claífort Farland agus Claífort na hInse. Cruthaíodh claífoirt Farland agus na hInse chun na taoidí a choinneáil siar, agus tógadh Claífort Tready ag roinnt an locha agus na feirme. tuilleadh…

Folachán Chlaífort Farland

Folachán Chlaífort Farland

Anois ag taobh an Oileáin de Chlaífort Farland, tá radhairc gan sárú agat amach ar an Anaclann agus níos faide anonn. Beidh tú in ann Grianán Ailigh a fheiceáil soir ó dheas, Caisleán na Birte siar ó dheas, caisleán na hInse siar uait agus an Scailp soir ó thuaidh. tuilleadh…

Carrchlós McGrath’s

McGrath’s

Tugtar McGraths go háitiúil ar an cheantar seo, ainm atá coitianta go háitiúil. Áit ghnóthach í an chuid seo den oileán leis na céadta nó fiú na mílte bliain, áit ar tháinig an seanbhóthar poiblí ar an oileán. Is féidir na marcanna a léiríonn an seanbhóthar ag dul trasna an locha a fheiceáil go soiléir inniu. tuilleadh…

Clárchosán

Ceann an Chlaífoirt

Agus tú ag dul isteach ar chlárchosán na coille fliche, tá tú tumtha i ngnáthóg nua. Cuir cluas ort féin agus cluinfidh tú éin ag canadh sna crainn agus ón chíbleach ar imeall an locha. tuilleadh…

Loch agus Bóthar

Fowler’s

Tháinig muintir Fowler chun cónaithe anseo thart ar an am ar tógadh na claífoirt i lár na mblianta 1800. tuilleadh…

Folachán Thaobh Bán

Folachán Thaobh Bán

Agus tú i ndiaidh siúl ar ais ó Oileán na hInse i dtreo Thaobh Bán, bhí tú ag siúl ar an seanlíne Iarnróid ó Bhun Cranncha go Doire. tuilleadh…

Tarracóir agus Comhbhuainteoir

Feirm an Ghrianáin

Cruthaíodh Feirm an Ghrianáin as láib agus riasc goirt Loch Súilí os cionn 160 bliain ó shin. tuilleadh…