Fáilte

Fáilte chuig Anaclann Éanlaithe Fiáine na hInse atá suite i dtuaisceart Chontae Dhún na nGall.

Gach bliain tagann na mílte éan fiáin geimhridh go hAnaclann Éanlaithe Fiáine na hInse. Áirítear orthu sin níos mó ná trí mhíle gé ghlas agus na céadta eala ghlórach.

Bíonn an suíomh beo fosta i rith mhíonna an tsamhraidh mar go dtógann réimse leathan éan, lena n-áirítear coilíneacht thar a bheith glórach de gheabhróga scothdhubh agus sléibhíní, a n-ál timpeall an locha.

Mar chuid den suíomh seo, tá cosán lúbtha 8km, 3 charrchlós agus roinnt folachán éanbhreathnóireachta a tógadh go speisialta.